| Ceann amháin de raon tacaíochtaí atá ceaptha ag Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (ÚFIÉ) is ea an suíomh Gréasáin Fuinneamh in Oideachas. I gcomhar leis an Roinn Oideachais agus Scileanna a forbraíodh iad ar mhaithe le boird bhainistíochta scoileanna, príomhoidí, múinteoirí, lucht riaracháin, airígh, daltaí agus tuismitheoirí chun cleachtais um úsáid fuinnimh a fheabhsú agus costais oibriúcháin na scoileanna a laghdú mar aon leis an timpeallacht a chosaint do na glúine a thiocfaidh inár ndiaidh. | Riachtanas reachtúil le haghaidh eagraíochtaí san earnáil phoiblí is ea é ídiú fuinnimh a laghdú de 33% faoin mbliain 2020. Beidh ceangal ar chomhlachtaí poiblí, lena n-áirítear scoileanna, monatóireacht a dhéanamh ar ídiú fuinnimh agus é a thuairisciú don ÚFIÉ ón mbliain 2011 ar aghaidh. |