Acmhainn fuinnimh inathnuaite agus neamh-inathnuaite

Foinsí fuinnimh inathnuaite 

gathering wood

Is féidir foinsí fuinnimh inathnuaite a úsáid arís is arís eile gan iad a mheilt. Is féidir roinnt foinsí fuinnimh inathnuaite, ar nós crainn a ghearradh síos, agus cinn nua a chur ina n-áit.

Bíonn acmhainn inathnuaite ann i gcónaí. Mar shampla, bíonn an ghaoth ag séideadh, an uisce ins na haibhneacha ag dul le sruth, bíonn an ghrian ag taitneamh agus bíonn an taoide ag trá agus tuilleadh an t-am go léir.

windmill kite

An slí go n-úsáideann muid acmhainn fuinneamh

Séideann an ghaoth thar muir is talamh, ag cur báid, muilinn ghaoithe agus tuirbíní gaoithe ag gluaiseacht.

Titeann uisce mar bháisteach ar na cnoic. Téann an t-uisce le sruth síos na cnoic, ag líonadh aibhneacha agus sruthanna. Is féidir leis an t-uisce seo roth uisce a chasadh agus is féidir é seo a úsáid chun plúr a thiaráil i muilleann. Is féidir le stáisúin hidrea-leictreach an fuinneamh ón uisce a úsáid chun na tuirbíní a chasadh chun leictreachas a chruthú.

watermill big

Stoptar na tonnta nuair a shroicheann siad an trá le cineál balla. Brúann an t-uisce aer trí thuirbíní, rud a chruthaíonn leictreachas.

Taitníonn an ghrian ar phlandaí rud a chuireann iad ag fás. Tugann seo roinnt den teas agus solas inár dtithe. Is féidir painéil ghréine a úsáid chun fuinneamh na gréine a athrú go leictreachas.

solar house

Faigheann daoine agus ainmhithe a bhfuinneamh ó bhia. Fástar barraí agus tógtar ainmhithe chun bia a chur ar fáil. Dóann muid adhmad inár dtinte chun teas a dhéanamh. Is féidir linn breosla a fháil do na carranna ó roinnt barraí ar nós arbhar agus siúcra.

farm

Acmhainn fuinnimh neamh-inathnuaite

Tógann sé na mílte, b'fhéidir na milliúin blianta chun acmhainn fuinnimh neamh-inathnuaite a fhoirmiú. Agus nuair a ídítear iad ní féidir cinn nua a chur ina n-áit. Is acmhainní fuinnimh neamh-inathnuaite iad móin,gual,gás agus ola.

Nuair atá an gual go léir mínithe ní bheidh aon ghual fágtha.

coal mine

Nuair atá an gás agus an ola go léir pumpáilte ón talamh ní bheidh aon ghás nó ola fágtha.

oil well

Nuair atá an móin go léir tógtha óna portaigh ní bheidh aon mhóin fágtha.

digger

Tagann fuinneamh núicleach ó uráiniam. Is acmhainn neamh-inathnuaite eile í uráiniam. Mairfidh sé níos faide ná na breoslaí iontaisigh. Ar deireadh ní bheidh aon uráiniam fágtha.

Cad a tharlaíonn don timpeallacht nuair a úsáideann muid fuinneamh?