SEAI launch new Irish language children’s book to help children learn to save energy and take climate action

Tá SEAI ag spreagadh múinteoirí agus páistí chun beart a dhéanamh ar son na haeráide lena leabhar scéalaíochta nua le léaráidí Gaeilge atá á sheoladh le linn Sheachtain na Gaeilge 2022. Tá an leabhar bríomhar oideachasúil seo dírithe ar pháistí ó naíonáin bheaga go rang a dó. Leanann an leabhar Alina, cailín scoile atá eolach ó thaobh cúrsaí fuinnimh de, agus í ag múineadh do Guzzler, an ollphéist chairdiúil, faoi shábháil fuinnimh agus gníomhaíocht a dhéanamh ar son na haeráide, agus iad ag ullmhú chun cóisir a chur ar siúl.

Tá páistí mar chroílár an leabhair seo! Léiríonn Cóisir Guzzler díograis an ghníomhaí aeráide óig Alina. Is féidir lena heachtra spraoiúil múineadh dúinn go léir faoi athrú aeráide agus na réitigh chomh maith.  Tá súil againn go mbainfidh léitheoirí taitneamh as eachtraí Alina agus Guzzler agus go mbraithfidh siad go bhfuil sé de chumhacht acu a ngníomhartha féin a dhéanamh!
Ruth Buggie, Bainisteoir Cláir, SEAI

Is féidir le múinteoirí leagan clóite den leabhar a ordú trí ríomhphost a sheoladh chuig schools@seai.ie nó tacar scoile a fháil ar iasacht ó leabharlanna áitiúla rannpháirteacha. Is féidir leagan PDF den leabhar a íoslódáil saor in aisce ar www.seai.ie/guzzlers-party-book/. Tá an leabhar ar fáil i mBéarla chomh maith.

Chun an seoladh a cheiliúradh, tá ócáid dhátheangach á réachtáil ag an SEAI ar an 15ú Márta i Leabharlann Uí Chriagáin óna 11rn, lena n-áirítear:

  • léamh den leabhar (as Gaeilge) le Sadhbh Devlin
  • seisiún ealaíne le cruthaitheoirí an leabhair Alan Nolan agus Lucinda Jacob le Sadhbh Devlin

Is féidir le scoileanna spéis a chlárú trí ríomhphost a sheoladh chuig magdalene.hayden@seai.ie.  (Tabhair le fios go bhfuil teorainn le líon na rannpháirtithe.)

Tá leabhar Gaeilge agus Béarla ag an SEAI freisin atá dírithe ar dhaltaí bunscoile ó rang a trí go rang a sé ar a dtugtar Cabhair Aeráide.

Le haghaidh tuilleadh eolais tabhair cuairt ar

SEAI is encouraging teachers and children to take climate action with their new Irish illustrated story book which is being launched during Seachtain na Gaeilge 2022. This lively and educational book is aimed at children from junior infants to second class. The book follows Alina, an energy savvy schoolgirl, as she teaches Guzzler, the friendly monster, all about saving energy and taking climate action, as they prepare to throw a party.

Children are at the heart of this book! Guzzler’s Party captures the enthusiasm of a young climate activist Alina. Her fun adventure can teach us all about climate change and the solutions too.  We hope readers will enjoy Alina and Guzzler’s adventures and feel empowered to take their own actions!
Ruth Buggie, Programme Manager, at SEAI

Teachers can order a printed edition of the book by emailing schools@seai.ie or borrow a school set from participating local libraries. A PDF version of the book can be downloaded for free on www.seai.ie/guzzlers-party-book/. The book is also available in English.

To celebrate the launch, SEAI is hosting a bi-lingual event on March 15th at Cregan Library from 11am, including:

a reading of the book (as Gaeilge) with Sadhbh Devlin
an art session with the book’s creators Alan Nolan and Lucinda Jacob with Sadhbh Devlin

Schools can registrate interest to attend by emailing magdalene.hayden@seai.ie.  (Please note that numbers of participants are limited.)

SEAI also has an Irish and English language book aimed at primary students from 3rd to 6th class called Climate SOS.

For more information visit