Acmhainní i nGaeilge do Mhúinteoirí Bunscoile agus Iar-bhunscoile
Fáilte romhat a Mhúinteoir – is anseo a gheobhaidh tú acmhainní faoi mhúineadh an fhuinnimh inbhuanaithe i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna.
Bunscoil
Aeráid SOS
is leabhar scéalta spraíúil agus suimiúil é seo faoi cheathrar páistí agus a madra agus tá sé mar mhisean acu fuinneamh a shábháil sa phobal. Tá an leabhar seo oiriúnach do dhaltaí sinsearacha bunscoile. Cuir do chóip féin in áirithe linn, faigh ceann ar cíos ón leabharlann áitiúil nó déan íoslódáil ar chóip anseo.
Cóisir Guzzler
Is leabhar pictiúr é seo agus tá sé oiriúnach do dhaltaí sóisearacha bunscoile agus tá sé ag teacht leis an gcuraclam. Taispeánann Alina conas is féidir leat fuinneamh a laghdú agus Guzzler i mbun ullmhaithe don Cóisir Fhuinnimh.
Léiríonn an leabhar a lán gníomhartha is féidir le daltaí a dhéanamh chun a n-úsáid fuinnimh a laghdú agus chun iad a spreagadh ag aois óig. Tá sé lomlán le pictiúir ildathacha agus carachtair shuimiúla chun suim paistí óga a mhúscailt.
Cuir do chóip féin in áirithe linn, faigh ceann ar cíos ón leabharlann áitiúil nó déan íoslódáil ar chóip anseo.
Póstaeir agus greamaitheoirí don scoil! – tá siad go hiontach chun feasacht a mhéadú ar shábháil fuinnimh.
Chun acmhainní saor in aisce a ordú, líon isteach an fhoirm ghairid seo.
Ceardlann don Bhunscoil Shinsearach*: Dírithe ar dhaltaí Rang 3 – Rang 6, is ceardlann idirgníomhach í seo le cluichí ranga, tráth na gceist ar líne, agus turgnaimh. Maireann an cheardlann thart ar uair an chloig.
Ceardlann don Bhunscoil Shóisearach*: Buail le Guzzler! Buailfidh na daltaí le Guzzler, an puipéad a dtaitníonn leis fuinneamh a chur amú. Le roinnt cluichí agus gníomhaíochtaí foghlaimeoidh siad cá has a dtagann ár bhfuinneamh, cén fáth ar chóir dúinn fuinneamh a shábháil agus conas. Oiriúnach do phaistí i Ranganna na Naíonán, i Rang 1 agus i Rang 2.
*Tá líon teoranta éascaitheoirí a bhfuil Gaeilge acu ar fáil. Seans nach mbeimid in ann ceardlann a rith i ngach scoil sa tír. Déanfaimid ár ndícheall chun freastal ar an éileamh.
Tá ceardlanna forbairt ghairmiúil leanúnach (FGL) SEAI ar an topaic d’fhuinneamh inbhuanaithe ag teacht leis an gcuraclam bunscoile agus tá siad ar fáil trí Ionad Tacaíochta Oideachais na hÉireann.
Cuir ceardlann in áirithe anseo (opens in a new tab)Iar-bhunscoile
Póstaeir (5 cinn díobh) agus greamaitheoirí don scoil! – tá siad go hiontach chun feasacht a mhéadú ar shábháil fuinnimh. Chun acmhainní saor in aisce a ordú, líon isteach an fhoirm ghairid seo.
Bileoga eolais – Tabharfaidh na bileoga eolais seo:
- Smaointe duit chun plé a dhéanamh ar thopaicí éagsúla sa rang,
- Acmhainní chun cabhrú leat an rang a mhúineadh faoi na topaicí seo, agus
- Leideanna tionscnaimh is féidir le scoláirí a dhéanamh.